Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 240
- XML “Na Daoine Maithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sise go dtabarfadh agus beirt. Le sin d'imthigh sise amach ar an doras agus cupla ( bomaite) ina dhiaidh sin tháinig sí isteach ar ais agus an mhin léithí. " Fág sin in do chófra agus ní bhéidh do chófra follamh a choídhche gan min"
D'fhág sí ann é agus líon an cófra suas agus bhí sé i gcomhnuidhe lán. Tháinig eagla uirthi sa deireadh agus d'imthigh sí léithi fhad leis an tSagart mór Ó Gallchobhair, na Gleanntaí.D'innis sí an sgéal dó agus thug seisean oifig díthe agus dubhairt sé leithi é a chur san chófra agus go rachadh sé síos , agus gan baint ná pairt a bheith aici leobhtha sin níos mó nó gur sidheógaí a bhí ionnta.
Tá ballógaí sean scoile thíos ag coirneál na binne móire agus ta sidheógaí ann. Bhí fear ag dul a dhéanamh teach ag an bhinn mhór am amháin agus shíl sé go dtabharfadh sé leis clocha o'n t-sean scoil. Thug , agus nuair a bhí deireadh ar shiubhal aige ní rabh a shaith aige. Thoisigh sé ag tógailt cloch a bhi thíos faoi'n(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Diarmuid
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Leac, Co. Dhún na nGall