Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 238
- XML “Na Daoine Maithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an ghasúir d'fhosgail poll sa talamh agus chuaidh an fear beag ribeach ruadh isteach ann. Tháinig an gasúr isteach chuig a mháthair agus d'inis sé an sgéal dí. Nuair a bhí an sgéal innsighthe aige mhothuigh siad an trup ag an doras agus nuair a d'fhosgail siad é , cé bhí ann ach triúr fear beaga ribeach ruadh. D'iarr siad ar an bhean an gasúr a thabhairt dobhtha nó mharbhfadh siad an bheirt aca. Dubhairt sise nach dtabharfadh agus tharraing ceann aca amach claidheamh. Annsin thug an bhean isteach an gasúr a thabhairt dobhtha bliadhain agus lá. D'imthigh siad agus é leis.Lá amháin bhí an bhean amuigh agus í ag caoineadh.Tháing an fear beag ribeach ruadh chuici agus dubhairt sé go rabh mí eile le déanamh ag an ghasúr agus annsin go dtiocfadh sé chuici arís. Nuair a bhí an mhí thuas tháinig an gasúr 'na bhaile, ach bhí sé chomh h-árd sin nach rabh sé ábalta teacht isteach ar an doras. Dubhairt an mháthair leis " Imigh leat a shean ghlugaigh shalaigh, nó(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Diarmuid
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Leac, Co. Dhún na nGall