Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 229
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na mbaintear lomairt de.
An líon
19. Síos ins an miodún a tcím an tom deas,sgaifte mban uaisle ag damhsughadh go deas, hataí gorma, gúnaí glasa.
Cuibhreann lín.
20. Ceathrar ag rith, ceathrar ar crith, beirt ag déanamh an eolais, agus lóibíneach ar deireadh.
Bó ag siubhal.
21.Caidé'n chuid den bhó a theigheann 'n coille an chéad uair
An buithreach.(búireach)
22. Teachtaire beag sásta ag dul ó theach go teach agus codluigheann sé amuigh san oidhche.
An bealach mór
23 Cú dubh agus cnámh ina bhéal.
Cos i mbróig
24. Girrfhiadh, girrfhiadh, idir dhá ghleann, nuair a bhogann an girrfhiadh bogann dhá ghleann.
Séideán gaoithe.
25.Seanduine beag amuigh ansin, dhá bhata faoi n-ucht agus é ag briseadh a chroidhe ag gol.
Cás an dorais nuair a bheadh sé ag cur.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall