Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 225
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)14.Níor mhill coimhead maith a dhath ariamh.
15. Indiaidh na trócaire a thiocfas an grádh.
16 An rud a scríobhfas an púca léighfidh se féin é.
17. Dearbráthar de'n tsac an mála 7
uncal de'n chopán a' sgála.
18. An áit a mbíonn fir bíonn mná 's an áit a mbíonn mná bíonn geab.
19.Is cleasach an peata an saoghal is is beag nach mbaineann sé liomóg as.
20.Is míne min na cáith ach ní míne fir nó mná.
21.Muileadta an mádhamh 7's maith an drádhmh an sruth.
22.Airgead na n-óinseach a chuireas bróga ar bhean a' phíobaire.
23 'Sé subhailce na h-óinsigh a bheith ag gáirí i gcomhnuidhe.
24. Tuigeann Tadhg Tadhgaidhe 's ní thuigeann Tadhgaidhe tada.
25 Is iomaidh uair a bhris béal duine a shrón.
26.Bíonn adharca fada ar bhuaidh
( bhuaibh) i Sligeach.- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall