Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 221
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus coiníní.Tá siad níos mó ná cait toighe. Ni fédir iad a cheannsughadh. Má bhaineann tú le ceann amháin cruinneochaidh an t-iomlán ort. Ní bheadh ádh ar an duine a bhainfeadh le
cionn aca.Madadh Uisge
Bionn siadsan sna locha agus i bpolltaibh na h-abhna. Ta siad an-chontabhairteach ag páistibh-nó mharbhfadh siad iad. Deirtear dá mbeadh lucht tórraidh ag dul an bhealaigh mhóir agus madadh uisge a chasadh ortha gur comhair dóbhtha pilleadh. Tá sé ábalta é féin a thionntughadh 'na chraiceann. Marbhuigheann siad bradáin san abhainn.An Easóg
Bíonn siad seo sna claidheacha agus ins na piopaí faoi thalamh. Níl dochar ionnta muna mbaintear leobhtha. Annsin chruinneochadh siad uilig le dochar a dhéanamh. Má ghníodhtear sparán de'n chraiceann ní bheidh sé follamh a choidhche gan airgead(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Deargchruach, Co. Dhún na nGall