Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 202
- XML “Scéal - Loch Béal Séad”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)smaoitigheann sé ar na sgéalta sgannruighthe a chuala sé go minic- ar sgéal fa fhear a dteachaidh isteach indiaidh caora agus d'éirigh an t-uisge comh h-árd gur fhobair nach bhfuigheadh se amach arís. Chonnaic sé cruth ag teacht fhad leis agus caidé bhi ann ach fear gan ceann! B'éigin don fhear fanacht annsin ag éisteacht le screadaigh na gcat bhfiadhain agus luparnaigh an uisge go dtí go rabh an oidhche ann. Nuair a dteachaidh an t-uisge síos agus fuair sé ar shiubhal bhí droch-dhóigh air annsin arís nó achan oidhche beagnach tig ceo ar na cnocaibh uaignighe seo, agus bhí an fear bocht caillte ar feadh na h-oidhche. Go h-adhmhail sé an samhradh a bhi ann agus ní dhearn an oidhche scannruighthe sin dochar dó.
Agus smaoiteochadh an t-é ata leis féin fosta ar an chaisleán atá thíos faoi'n uisge, agus deirtear go bhfuil barr na simléir ag deánamh an chlochain. Ins an chaisleán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Diarmuid
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Leac, Co. Dhún na nGall