Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Charraig
- XML Leathanach 592
- XML “An Rí agus a Thrí Mic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chonnaic na trí mhic é agus rith siad cómh gasta as tiocfadh leó,. Thug na trí mic an ríogh isteach 'sa chaisleán agus cuireadh isteach 'sa leabaidh é. Bhí brón an mhór ar na trí mic nuair a chonnaic siad an ríogh. Cúpla lá indiaidh sin nuair nach rabh an ríogh ag éirigh biseach dubhairt na trí mic na ndéafadh siad aon rud go bhfuigheadh siad an fear a thug buille do'n ríogh. Annsan chuaidh na trí mic ar siubhal agus ní stad siad go rabh an oidhche ann. Chuaidh siad isteach idteac agus fuair siad lóistin. Nuair a tháinig máidín lá ar na bhárach d'éirigh siad agus chuaidh siad ar siubhail agus níor stad siad go dtí go rabh an oidhce ann. Chonnaic siad teach beag agus chuaidh siad fhad léithe. Chuaidh siad isteach inntí agus bhí bean agus fear inntí agus iad ina suidhe ag teinidh beag. Nuair a bhí siad cúpla uaire ag cainnt leis an seanbhean agus an fhear, d'éirigh an bhean shuas agus rinne sí réidh tae. Nuair a bhí an tae aici thug sí cupáin dóibh agus do'n sean fhear agus í féin. Nuair a bhí an tae thart(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ó Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An tAtharach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eamon Ua Cuirrin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- An tAtharach, Co. Dhún na nGall