Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Charraig
- XML Leathanach 481
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear i Méirica uair amháin agus tháinic sé abhaile.”
(ar lean ón leathanach roimhe)i bhfad istoigh san stuca go dtáinic buachaill óg thart agus sheas sé taobh amuigh de'n stuca. Ní rabh sé i bhfad 'na sheasamh go dtáinci cailín óg thart agus sheas sí ag a thaoibh. Thoisig siad a seanachas. Arsa an cailín leis an bhuachaill. "Muirfidh mé an t-sean duine anocht agus fagfaidh mé ar an t-sean peadlarí é agus thig linn a phósadh annsin nuair a bhéigheas an t-sean duine curtha." Thug an peadlarí amach an t-séisiúr agus gheárr sé giota amach as an chota an buachalla. Nuair a tháinic banadh an lae d'imthigh se leis abhaile. Nuair a chuaigh sé abhaile ní leig sé ar dadaí fan...a tháinic fhadh leis an stuca. Annsin ní rabh sé i bhfad go dtáinic lá na cúairte agus bhí an t-sean peadlarí le crochadh agus bhí fhios aigeasan go leigfeadh se saor é agus leig. Annsin d'imthigh sé féin 'un cuairte. Nuair a chuaigh se isteach annsin bhí an cuairt ag dul ar aghaidh. Arsa seisean: "A uaisle leigigidh damhsa focal a rádh?" "Leigidh" ars'n breitheamh agus leig. Dubhairc an fear annsin nach rabh seisean ach indiaidh teacht Meirica. "'Sé an obair a bhí orm ag díol éadaigh" Chuir se a lámh isteach in a phóca agus amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Fhionngaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall