School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 252
- XML “Gruagach na gCleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gCleas' an t-ainm a bhi airsean agus go rabh sé i n-a chonaí amuigh ar oileán i lár na farraige. D'imigh 'Gruagach na gCleas' agus an gasúr leofa agus phill an t-athair i n-a bhaile.
Nuair a bhí an lá agus bliain istoigh tháinig "Ghruagach na gCleas" leis an ghasúr go dtí'n t-athair ins an bhád; bhí an t-athair ag fanacht leofa thíos ar an chladach nuair a tháinig an bád isteach, "Anois", arsa "Gruagach na gCleas" leis an ghasúr nuair a tháinig siad amach as a' bhád, "Gabh suas fhad leis an chrann sin thuas agus taisbeán cuid de do chleasaíocht do do athair.
Chuaidh an gasúr suas fhad leis an chrann agus tuagh leis. Roimhe cheathramhadh uaire bhí bád maith déanta aige den chrann. Bhí iongantas agus lúthgháir ar an athair siocar go rabh an gasúr comh críonna sin.
"Béarfaidh mé liom go cionn lá agus bliadhain eile é," arsa "Gruagach na gCleas" agus beidh sé deich n-uaire níos críonna. "Maith go leor ," arsa an t-athair. D'imigh an bheirt leobhtha annsin agus phill an t-athair 'na bhaile. Nuair a bhí lá agus bliadhain istoigh níor tháinig "Gruagach na gCleas" leis an ghasúr. Bhí na laetha ag gabhail thart acht ní tháinig an gasúr. Sa deireadh chuaidh an t-athair ar(continues on next page)- Informant
- Brian hEigceartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall