Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 306

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 306

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 306
  3. XML “Scéaltaí Beaga do Pháistibh a Bheadh ag Éirí Santach - Gobán Circe”
  4. XML “Scéalta Beaga do Pháistí a Bheadh ag Éirí Santach - An Gasúr Santach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéaltai beaga do pháistibh a bhéadh ag éirighe sanntach, a d’innseochadh na sean-mná roimhe seo.
    .1. Goban Circe
    Am an ghorta mhóir a bhí ann agus chuaidh bean go dtí an baile mór go bhfeiceadh sí an dtiocfadh léithi cupla cloch mine féin a fhághail a choinneochadh beo í. Fuair sí an mhin agus phill sí ‘na bhaile. Bhí casan achrannach, clochach le ghabhail aicí thar sléibh ionns air a baile fhéin. Baineadh truisleadh aistí [agus] thuit mála na mine agus dórtadh an mhin uilig ar an talamh. Thóg sí asteach an méid a thiocfadh léithí acht bhí cuid dí scabtha thall a’s i bhfos nach dtáinig lei a thógail. Bhi ’n ganntanas mór agus ba doiligh léithi dadaidh de’n mhin a leigint amudha. Síos léithi ar a glúnaibh agus chuir athchuinge le Dia go gcuireadh Sé gob circe oirthí go bpiocadh sí gach uile gráinín asteach sa mhála. Fuair sí a hathcuinge agus nuair a bhí iomlan na mine piocuighthe isteach aicí síos léithí arais ag iarraidh ar Dhia an gob a bhaint díthí, acht níor thug Dia áird oirthí an iarraidh seo. Ó shoin amach ní rabh ainm oirthí acht Goban Circe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maire Ní Mhuireadhaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    77