Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 340

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 340

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 340
  3. XML “Féilí na Bliana - Oíche Fhéile Eoin”
  4. XML “Féilí na Bliana - Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche Shamhna.
    Bíonn rudai gan chiall ag dul ún tosaigh ar an oidhche seo.
    Cleasa da n imirt ag buachaillidh agus cailíní le fios a fhághail cé an duine a bheás mar mnaoi na mar fear aca.
    Cleas na háithe aoil. Téidheann buachaill na cailín fad le áith aoil, mar tá siad neamh-eaglach go leor le sin a dheánadh, bíonn cearthlinn snáth leo, caitheann siad an cearthlinn síos agus deireann siad “Cé rud shíos ag bun mó shnáithe” Bhéarfaid an té a bhéas mar chéile aca freagair orthú annsin.
    Bhí cailín annseo uair amháin agus chuaidh sí amach le ceartlinn, lean duílach i agus chuaidh asteach san áithche sul a dtainig sí fád léithí. Caith sise síos an cearthlinn agus dubhairt “Ce rud shíos ag bun mo shnáithe”. Labhair an duílach a bhí shíos agus ar seisean “Cé bhéadh ann acht Padai ‘n Chárnain”.
    Bhí seanduine ar a bhaile a rabh an leasainn sin air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge