Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 306
- XML “Scéaltaí Beaga do Pháistibh a Bheadh ag Éirí Santach - Gobán Circe”
- XML “Scéalta Beaga do Pháistí a Bheadh ag Éirí Santach - An Gasúr Santach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéaltai beaga do pháistibh a bhéadh ag éirighe sanntach, a d’innseochadh na sean-mná roimhe seo..1. Goban Circe
Am an ghorta mhóir a bhí ann agus chuaidh bean go dtí an baile mór go bhfeiceadh sí an dtiocfadh léithi cupla cloch mine féin a fhághail a choinneochadh beo í. Fuair sí an mhin agus phill sí ‘na bhaile. Bhí casan achrannach, clochach le ghabhail aicí thar sléibh ionns air a baile fhéin. Baineadh truisleadh aistí [agus] thuit mála na mine agus dórtadh an mhin uilig ar an talamh. Thóg sí asteach an méid a thiocfadh léithí acht bhí cuid dí scabtha thall a’s i bhfos nach dtáinig lei a thógail. Bhi ’n ganntanas mór agus ba doiligh léithi dadaidh de’n mhin a leigint amudha. Síos léithi ar a glúnaibh agus chuir athchuinge le Dia go gcuireadh Sé gob circe oirthí go bpiocadh sí gach uile gráinín asteach sa mhála. Fuair sí a hathcuinge agus nuair a bhí iomlan na mine piocuighthe isteach aicí síos léithí arais ag iarraidh ar Dhia an gob a bhaint díthí, acht níor thug Dia áird oirthí an iarraidh seo. Ó shoin amach ní rabh ainm oirthí acht Goban Circe. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Faisnéiseoir
- Maire Ní Mhuireadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77