Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 295
- XML “Na Caislíní”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá'n baile seo fa thuairim míle o Bhaile'n Droichid ar bhealach 'na Carraice. Ceithre theaglaigh déag atá ar an bhaile. Tá ballai sean toighe pobail le feiceail annseo go fóill ar thaoibh de láimhe chlé fa thuairim 30 slat asteach ó'n bhealach mhór.
Teampull An Spáinnigh a tugadh air agus a tugar air go fóill.
H innseadh an scéal fa dtaoibh de'n dóigh a tógadh é comh minic sin mar b'fiu domh b'feidir a chur síos annseo acht 'na dhiaidh sin níl dochar déanta a aithris arais.
Dé reir mar deir na sean daoine sé an Sagart Mac Giolla Cearr a bhí ins an pharroiste seo nuair a cuireadh suas an Teampull. Tá sé curtha shuas ins an tsean roilig i gCill Chartha agus seo an rud atá scríobhtha ar an leic ar cionn an uaige.
"Under this tomb lieth the Rev. James Carr P.P. Kilcar. Aged 92 years, depd this life March 16th 1835. Requiescant in Pace".
Bhí cúram an dá pharroiste ar an Sagart seo, parroiste Gleann Colm Cille agus Cill Chartha, san am sin. Nuair a bhéadh "stations" aige i mbaile ghlacfadh sé dhó na trí á le na daoine uilig a éisteacht na bhí líon daoine ar na bhailtibh san am. Bhí sé astuigh i Málainn Bhig agus é máll(leanann ar an chéad leathanach eile)