Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 287

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 287
  3. XML “An Choill Bheag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Choill Bheag
    Tá an Choill Bheag sínte leis an Chaiseal ar an taoibh siar de. Níl ar an bhaile seo acht seacht dtoighthe. Ma bhí coill ag fás annseo fad ó shoin níl toin le feiceail ar an bhaile anois. Gaedhlig uilig a bhí ag mhuintir an dá bhaile seo go dtí le fíor ghoirid nuair a bhrúigh an Bhéarla asteach orthú annsuid agus annseo.
    Bhí fear gallta na chomhnuidhe annseo é féin agus a bhean tamallt beag ó shoin. Dá mhéad an Gaedhilg a bhí aige-sean ní rabh aon fhocal aicí-se. Thuig sí go maith í acht ní leigfheadh an beadaidheacht díthí í a labhairt. Bhí gabháltas beag talaimh aige agus ar an teorainn leis bhí fear ciuin modhamhail na chomhnuidhe. Bhí claidhe le cóiruighadh idir an dá ghabhaltas agus ar ndighthe bhí dualgas ar achan fhear aca a chuid féin dhe'n obair a dhéanadh.
    Is cosamhail nach rabh an duine gallta ag tabhairt áird ar an chlaidhe agus bhí an duine eile comh faireach sin go rabh leirg air a iarraidh air cuidiú a thabhairt dó. Fa dheireadh thug a bhean air a ghabhail fhad leis.
    Ar a theacht asteach dó go toigh an fhir ghallta, ní rabh fear a'toighe astuigh acht bhí sí féin annsin.
    Chuir sí fáilte roimh an fhear a thainic agus d'iarr air suidhe. Shuidh sé acht is ar righinn a reatha a d'innis sé caidé thug asteach é. Seo an chainnt a tharla eadorthú. Eisean. "Aí, -á!- thainic
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Chill Bheag, Co. Dhún na nGall