Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 273

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 273

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 273
  3. XML “Tamhnaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tamhnach (Tamhnaigh)
    Eadar Cnoc Cartha agus an fhairrge tá Tamhnaigh. Níl baile in áit ar bith a bánadh mar an Tamhnaigh. In aimsir an droch-shaoighail bhí sios le leith-céad teaglach as an bhaile seo níl ann anois ach aon cheann déag.
    Ar iasgaireacht a haineadh bunadh an bhaile seo slighe beathadh amach roimhe seo, níl ach bád amháin anois ann agus is annamh a téidheann sé amach ar chor ar bith.
    Ar an baile a rugadh agus a tógadh Micheal Ua Gllcobhair an píolota a thug an "Erin's Hope" asteach go Sligeach in aimsir.
    Tá n tsean bhallóg in a raibh sé na chomhnuidhe le feideáil annseo go fóill shíos ar imeall an chuain. Bhí aithne agam féin ar Mhicheal agus ar moran de'n fhuirinn a thug amach é an lá ceadna.
    Is cosamhail go dteachaidh an tástarach (an Erin's Hope) as a cúrsa. Bhí brat in áirde aca ag iarraidh píolota. Chuaidh bád beag amach fhad leis an luing agus Mícheal leobhtha. Tugadh Micheal ar bhórd agus leigeadh an cuid eile a bhaile.
    Bhí géar coimhead ar an luing seo anois agus nuair a thainic siad asteach go Sligeach beireadh orthú agus tugadh go príosún iad. Beireadh ar Mícheal fosta agus tugadh go Baile Átha Cliath é mar fiadhnaise. Chuaidh an scéal amach go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Tamhnaigh, Co. Dhún na nGall