School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 273
- XML “Tamhnaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tamhnach (Tamhnaigh)
Eadar Cnoc Cartha agus an fhairrge tá Tamhnaigh. Níl baile in áit ar bith a bánadh mar an Tamhnaigh. In aimsir an droch-shaoighail bhí sios le leith-céad teaglach as an bhaile seo níl ann anois ach aon cheann déag.
Ar iasgaireacht a haineadh bunadh an bhaile seo slighe beathadh amach roimhe seo, níl ach bád amháin anois ann agus is annamh a téidheann sé amach ar chor ar bith.
Ar an baile a rugadh agus a tógadh Micheal Ua Gllcobhair an píolota a thug an "Erin's Hope" asteach go Sligeach in aimsir.
Tá n tsean bhallóg in a raibh sé na chomhnuidhe le feideáil annseo go fóill shíos ar imeall an chuain. Bhí aithne agam féin ar Mhicheal agus ar moran de'n fhuirinn a thug amach é an lá ceadna.
Is cosamhail go dteachaidh an tástarach (an Erin's Hope) as a cúrsa. Bhí brat in áirde aca ag iarraidh píolota. Chuaidh bád beag amach fhad leis an luing agus Mícheal leobhtha. Tugadh Micheal ar bhórd agus leigeadh an cuid eile a bhaile.
Bhí géar coimhead ar an luing seo anois agus nuair a thainic siad asteach go Sligeach beireadh orthú agus tugadh go príosún iad. Beireadh ar Mícheal fosta agus tugadh go Baile Átha Cliath é mar fiadhnaise. Chuaidh an scéal amach go(continues on next page)