Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 270
- XML “Cnoc Cartha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cnoc Cartha
Sínte le taobh na habhna, ar an taoibh chlé, tá Cnoc Cartha. Tá tú sa bhaile seo nuair a théidheann tú thar an droichead siar ó dheas o Bhaile 'n Droichid. Nil ins an bhaile seo anois ach seacht dteaglach. Bhí fa thuairim fiche ceann ann dhá fichead bliadhan ó shoin. Treibh de chloinn Mhg Uidhir a bhíodh na gcomhnuidhe ann. Tá dh theaglach aca ann anois.
Ag taoibh an droichid tá ceárdcha, Donnchadh Mag Uidhir ainm an ghabha a mbíonns ag obair inntí. Bhí an ceard ceadna ins an teaglach seo siar anonn comh fada sin nach bhfuil an fhios ag duine ar bith anois beo cé an chéad duine aca a thogh é mar slighe beathadh. Bhí fear amháin aca, atair athair mór, Donncaidh, agus deirtear gurb é an fear ba ghlic agus ba ghreannmhar a bhí ins na trí pharroistí le na linn. Innistear corr scéal greannmhar fa dtaobh dó go fóill. Séimín a tugtar air, Séimín Hiúdaigh.
Bhí faire ar a bhaile agus ar ndóigthe bhí Séimín ag an fhaire. Bhíodh na fir sa chistínigh agus na mná sa tseomra. Bhí an chisteanach lán fear agus a gceist féin dá plóideail ag achan truip an ceathrar aca. Bhí seanduine amháin ann a shaoil a mhór-chuid do fhéin i gcúrsaí staire. Bhithear ag cainnt fa Harry VIII agus an géar-leanamhaint a bhí in Éirinn fad ó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Muireadhaigh
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann