School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 270

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 270

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 270
  3. XML “Cnoc Cartha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cnoc Cartha
    Sínte le taobh na habhna, ar an taoibh chlé, tá Cnoc Cartha. Tá tú sa bhaile seo nuair a théidheann tú thar an droichead siar ó dheas o Bhaile 'n Droichid. Nil ins an bhaile seo anois ach seacht dteaglach. Bhí fa thuairim fiche ceann ann dhá fichead bliadhan ó shoin. Treibh de chloinn Mhg Uidhir a bhíodh na gcomhnuidhe ann. Tá dh theaglach aca ann anois.
    Ag taoibh an droichid tá ceárdcha, Donnchadh Mag Uidhir ainm an ghabha a mbíonns ag obair inntí. Bhí an ceard ceadna ins an teaglach seo siar anonn comh fada sin nach bhfuil an fhios ag duine ar bith anois beo cé an chéad duine aca a thogh é mar slighe beathadh. Bhí fear amháin aca, atair athair mór, Donncaidh, agus deirtear gurb é an fear ba ghlic agus ba ghreannmhar a bhí ins na trí pharroistí le na linn. Innistear corr scéal greannmhar fa dtaobh dó go fóill. Séimín a tugtar air, Séimín Hiúdaigh.
    Bhí faire ar a bhaile agus ar ndóigthe bhí Séimín ag an fhaire. Bhíodh na fir sa chistínigh agus na mná sa tseomra. Bhí an chisteanach lán fear agus a gceist féin dá plóideail ag achan truip an ceathrar aca. Bhí seanduine amháin ann a shaoil a mhór-chuid do fhéin i gcúrsaí staire. Bhithear ag cainnt fa Harry VIII agus an géar-leanamhaint a bhí in Éirinn fad ó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Cill Charthaigh, Co. Donegal
    Informant
    Máire Ní Muireadhaigh
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Female