Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 264

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 264

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 264
  3. XML “Droim na Fiongaile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Druimnafiongaile
    Ar a theacht as Baile'n Droichid do dhuine ag dul soir bealach na gCeall tá sé i dDruimnafiongaile nuair a téidheann sé thar droichead atá ar an srúthan bheag atá mar teora idir an dhá bhaile. Malaidh an tsrotha a bheirtear ar an mhalaidh atá ag dul suas o'n droichead. "Malaidh na nDeor" a bheireadh na sean daoine fosta ar an mhalaidh cheadna agus seo an fáth ar tugadh an tainm sin oirthí. Nuair a bhíodh na daoine ag dul go Meirica roimhe seo, shiubhaileadh siad, agus an bunadh a bhíodh an gcomóradh, cos le cois go dtí go mbíodh an mhalaidh seo tharstú. Nuair a thigeadh siad ar an comhthromóg ag na boinn bheadh an fágáil slána agus an scagaramhaint ann agus deirtear gur sileadh an oiread sin deor ins an áit cheadna agus chuirfead long ar a tsnámh.
    Fuair an baile a ainm ó throid mhór a bhí ann fad ó shoin. Ar Mhalaidh an tSrotha a dortadh an fhuil, agus is simplidhe a thosaigh an bhruighean. Is cosamhail go dteachaidh clann na cupla clann asteach go Gleann Colmcille ag tógail creiche agus ar a dteacht amach daobhtha stad siad tamallt ag Malaidh is i Srotha a ghlachadh a scríosta. Bhí lódh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Droim na Fiongaile, Co. Dhún na nGall