School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 264
- XML “Droim na Fiongaile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Druimnafiongaile
Ar a theacht as Baile'n Droichid do dhuine ag dul soir bealach na gCeall tá sé i dDruimnafiongaile nuair a téidheann sé thar droichead atá ar an srúthan bheag atá mar teora idir an dhá bhaile. Malaidh an tsrotha a bheirtear ar an mhalaidh atá ag dul suas o'n droichead. "Malaidh na nDeor" a bheireadh na sean daoine fosta ar an mhalaidh cheadna agus seo an fáth ar tugadh an tainm sin oirthí. Nuair a bhíodh na daoine ag dul go Meirica roimhe seo, shiubhaileadh siad, agus an bunadh a bhíodh an gcomóradh, cos le cois go dtí go mbíodh an mhalaidh seo tharstú. Nuair a thigeadh siad ar an comhthromóg ag na boinn bheadh an fágáil slána agus an scagaramhaint ann agus deirtear gur sileadh an oiread sin deor ins an áit cheadna agus chuirfead long ar a tsnámh.
Fuair an baile a ainm ó throid mhór a bhí ann fad ó shoin. Ar Mhalaidh an tSrotha a dortadh an fhuil, agus is simplidhe a thosaigh an bhruighean. Is cosamhail go dteachaidh clann na cupla clann asteach go Gleann Colmcille ag tógail creiche agus ar a dteacht amach daobhtha stad siad tamallt ag Malaidh is i Srotha a ghlachadh a scríosta. Bhí lódh(continues on next page)