School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 336

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 336

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 336
  3. XML “Féilí na Bliana - Féile Bríde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Féil Bríghide

    Féil' Bríghide bricne
    Bain an chluas dé'n tuirtín
    Bain an greim de'n phaiteóig
    A's tabhair a sháit do'n dáiltín
    Sin rann beag a bhíodh ag na sean daoine fa Féíl' Bríghide.

    An oidhche roimh an fheártu (Eanair 31adh) ghnídhthear na crosannai. Gheibh duine eigin teacht beairtín feoga agus bheireann siad iad isteach ins toighe - Cuirtear i leath-taoibh iad go dtí go mbíonn an suipear réidh tuairim an h-ocht o' chlog na mar sin.
    Nuair atá an teaglach uilig 'na suidhé thart fán tábla, téidheann cailín amach, má tá Bríghid sa teach ise a rachas amach, agus bheir sí na feoga léithi. Buaileann sí an doras agus deireann sí na focla seo.
    Gabhaigidh ar mar nglúnaibh
    Fosgailigidh mor súla
    Agus leigigidh isteach Brígidh

    Déanfaidh a bhuil astuigh mar freagair
    Sé beatha, Sé beatha Sé beatha
    Deireann an méid seo trí h-uaire

    Tigeann an cailín asteach annsin agus fágann sí na feoga faoín tábla go mbíonn an suipear thart.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Brigid (~366)
    Language
    Irish