Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sá deireadh smaoitigh sí ar chleas. Leig sí uirthí fhéin go rabh sí tinn, agus lá amhán [!] fuair sí an Rí amuigh, thug sí ar a ingin cearc a mharbhadh díthe, agus an fhuil a thabhairt duithe i gcupa. Rinne an ingean seo, agus d'fág sí an cupa istoigh 'sa'n leabaidh.
An uile uair a thiocfadh an Rí nó duine ar bith eile isteach un an toighe, ghlacfadh sí lan a béal d'fhuil agus chaithfeadh sí amach airíst é. Shíl an uile dhuine annsin go rabh sí an olc nuair a bhí sí ag caideadh amach fuil. Bhí an eagla ar an Rí go rabh sí ag gábháil a fhághál bháis. Lá amháin leig sí uirthí go rabh sí an olc ar fad. Dubhairt sí go gcaithfeadh siad an tarbh a marbhughadh, agus an fuil a thabhairt duithe le h-ól, agus muna ndéanfadh siad sin go bhfuigheadh sí bás. Níor mhaith leis an Riógh an tarbh a mharbhughadh, acht nuair a chonnaic sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an Churraoin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó hAoidhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Churraoin, Co. Dhún na nGall