School: Learga na Saorthach (roll number 14888)
- Location:
- Learga na Saorthach, Co. Donegal
- Teacher: Cathal Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sá deireadh smaoitigh sí ar chleas. Leig sí uirthí fhéin go rabh sí tinn, agus lá amhán [!] fuair sí an Rí amuigh, thug sí ar a ingin cearc a mharbhadh díthe, agus an fhuil a thabhairt duithe i gcupa. Rinne an ingean seo, agus d'fág sí an cupa istoigh 'sa'n leabaidh.
An uile uair a thiocfadh an Rí nó duine ar bith eile isteach un an toighe, ghlacfadh sí lan a béal d'fhuil agus chaithfeadh sí amach airíst é. Shíl an uile dhuine annsin go rabh sí an olc nuair a bhí sí ag caideadh amach fuil. Bhí an eagla ar an Rí go rabh sí ag gábháil a fhághál bháis. Lá amháin leig sí uirthí go rabh sí an olc ar fad. Dubhairt sí go gcaithfeadh siad an tarbh a marbhughadh, agus an fuil a thabhairt duithe le h-ól, agus muna ndéanfadh siad sin go bhfuigheadh sí bás. Níor mhaith leis an Riógh an tarbh a mharbhughadh, acht nuair a chonnaic sé(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Address
- Mín an Churraoin, Co. Donegal
- Informant
- Séamus Ó hAoidhne
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Churraoin, Co. Donegal