Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Learga na Saorthach
- XML Leathanach 33
- XML “An Cláiríneach Lúfar”
- XML “An Bhean Sí agus an Leasmháthair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Cláirineach Lúthmhar.Bhí bean ann aon uair amháin, agus bhí sí 'na cláirineach. Sé an ghnáthach a bhí ann an uair sin na daoine seo a iomchar ó theach go teach. Tháinig ar beirt fhear an bhean seo a iomchar fríd páirc mhóir lá amháin. Bhí tarbh crosta ins an pháirc acht ní rabh fhios aca-san sin Nuair a bhí siad i lár na páirce tháinig an tarbh crosta in áirde ina airicis agus é ag búirfhide go feargach. Leig an fear an cláirineach síos, agus as go bráthach leobhtha an méid a bhí ina gcorp, acht bá í an cláirineach an chead duine a bhí ar an talamh sabhailte.
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Abhainn tSeiscinne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Abhainn tSeiscinne, Co. Dhún na nGall
- An Bhean-siodh agus an Leas-mhátháir.Bhí rí ann aon uair amháin, agus bhí sé pósta. Nuair a bhí mac amháin ann,(leanann ar an chéad leathanach eile)