Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)
- Suíomh:
- Mín Uí Chatháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Meenacahan
- XML Leathanach 289
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean ann aon uair amhain agus ní rabh aici ach mac amhain agus bhí a fear marbh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)libh agus deán mur sgithiste. Tarraingt Séan amach an búidéal agus rann an t-uisge beatha eadar an beirt. Thuit siad in a géobhladh annsin agus tug Séan leis na capple agus thug an gaduidhe cuig punta eile dó.
Dinnis an gaduidhe do Sheán annsin gur mhaith leis da bhfuighidh sé an braitlín ar bhí faoi an Righ agus an Banrioghan. D’imtigh Seán leis. Chuaidh Seán go dtí an roilg ag d’fosgail sé uaigh agus thug amach corp agus d’iomcar sé an corp go dtí teach an Righ. Chuaidh sé suas ar an teach annsin agus leig an corp síos an an seimléir. Cualaidh an Rí an uallan agus dubhairt an bainrioghan go rabh daoine ag goid san teach. D’éirigh sé fuair an ganna agus sgaoil leis an duine marbh. Dubhairt an bainrioghan annsin go geaithfidh siad é a cur an áith eiginteacht. Amach leo agus an duine marbh leo. Thug Seán leis an (t-airgead) braitlín agus ar shiubhal leis. Bhí luthgair ar an gaduidhe eile nuair a fuair Seán an braithlín.