Scoil: Naul (uimhir rolla 1170)
- Suíomh:
- An Aill, Co. Bhaile Átha Cliath
- Múinteoir: C. Mac Fhíonntaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naul
- XML Leathanach 98
- XML “Laoi na mBuann”
- XML “Ná Cuir Leathbhróg ort”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Laoi na mbuiaidheann
Nuair a bhéidhfí i n eibheann nó ag súil le fios a fhaghail deairfidhe an laoi seo. Cuir i gcás go raibh na buanaidh in Alban agus go bhfuair duine aca cunntas go raibh duine éigin sa baile i gcontabhairt báis deairfeadh duine eigin annsin é go bfeicfidhe goidí má rachad sé leis an duine tinn.- Bailitheoir
- Cathal Mac Fhíonntaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Neans Ní Chealachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Tamhnach Ghorm, Co. Dhún na nGall
- Cuir ort Stoca , annsin stoca eile, annsin bróg agus an bhróg eile, annsin ceangail iad. Má cearglann tú bróg amhaín agus an chos eile tarnocht béidh mallacht Colmcille ort.
Nuair táthar ag gearradh móna fágtar staigre ag ceann an bachta nuair a bhí Colmcille ag teichead o'n namhaid tharla é in urlár bachta agus gan bealach éalóidh aige .
Tá a lan rudaí eile crosta in ainm Colmcille.
Na caith amach uisce ar an fhéar ar an doras cúl , sin an ait a mbíonn a bhféastaí ag na daoine beaga.(leanann ar an chéad leathanach eile)