Scoil: Naul (uimhir rolla 1170)
- Suíomh:
- An Aill, Co. Bhaile Átha Cliath
- Múinteoir: C. Mac Fhíonntaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naul
- XML Leathanach 83
- XML “Oíche Bhealtaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuireann muinntir na tuaithe craobh de'n crann chaorthainn trasna os cionn doras na cistinighe taobh amuigh. Dar leo go sásann seo na daoine beaga agus go mbéidh rath ar an bhólacht i rith na bliadna agus go mbéidh bainne agus im aca.Sí an chiall is mó atá leis an gnás seo anois le honóir a thabhairt don Mhaighdean Muire agus fáiltuighadh roimhe na blátha atá ag leathniú fríd na páirceanna ins an seasúr seo.Craobh de'n droighnean donn a cuirtear suas in aiteacha airighthe.Cráithtear samharcan agus blatha amach thart fá'n doras. Má bhaineann duine blátha fá choinne na ócaide seo i páirceanna na gcomharsain beireann sé leis rath na gcomharsan sin fosda.Cáilín beagh nach raibh a fhios aici fá'n gheis seo chuaidh sí anonn go dtí pairc comharsan an áit a raibh samharcan breaghtha agus thoisigh a mbaint. Nuair a bhí sí a gcrathadh thart fá'n doras chonnaic sí an bhean ar léithe an pháirc istigh i bpáirc athair an cháilín agus í(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cathal Mac Fhíonntaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Neans Ní Chealachain
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Tamhnach Ghorm, Co. Dhún na nGall