Scoil: Clochar na Trócaire, Dúngarbhán (uimhir rolla 11461)
- Suíomh:
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: An tSr R. Ní Fhearghail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sagairt cad do dhein Dheuglán, agus connus chuir sé teicheadh ar na préacháin.Dubhairt na sagairt go gcaitfeadh Deuglán dul dtí'n Róimh, agus do chuaidh.Nuair a tháinig Déaglán ó'n Róimh, thóg sé séipéal thuas ag a' dtobar ar thaobh a chnuic. Bhí gach ao' rud socair aige, agus tháinig a' Domhnach. "Bheul", arsa Déuglán, "Dhearmhaid mé mo chlog, agus ní bhfuighfidh mé an t-aifreann a' rádh gan clog"."Bheul", arsa duine des na fearaibh, "tá clog ar chloich thios ar a'dtráigh agus é a bualadh". "Éirigh síos fé n-a dhéin" arsa Deuglán. Fuaradh an clog agus cuireadh ar a séipéal é, agus dubhradh an t-Aifreann.Tagann na daoine céad mhíle ó'n mbaile, chun dul fé'n gcloich chéadna. Deirtear go bhfuil leigheas do phian 'sa dhrom innte.
Treasa Ní Dháltúin
Sráid Mhuire
Dúngarbhán
SgéalaidheSéamus Mach Gearailt
Ospuidéal an Chondae,
Dúngarbhán- Bailitheoir
- Treasa Ní Dháltúin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Séamus Mach Gearailt
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge