Scoil: Clochar na Trócaire, Dúngarbhán (uimhir rolla 11461)
- Suíomh:
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: An tSr R. Ní Fhearghail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí mac aici. Bhí sé ag teacht in aois agus lá amháin dubhairt sí le'n a mac iompódh amach agus soláthar dó fhéin. Dubhairt an mac leí go gcaithfeadh sí é cothú bliain eile. Nuair a bhí an bhliain caithte "chaothfidh mé imeacht liom" arsa sé leis féin, agus rud beag bídh do sholáthair dom féin agus bhí sé ag imeacht agus buail sé le tig duine uasail.
Bhuail sé isteach agus d'iarr sé post ar a duine uasal. Dubhairt an duine uasal go dtabharfadh sé dó é. Nuair tháinigh an tráthnóna dubhairt an duine uasal leis dul go dtí an tig ar an taobh eile de'n ghleann.
Chuaidh sé anonn agus tháinigh an oidhche. I lár na h-oidhche tháinigh beirt fhear isteach agus comhrá eatortha. D'éirigh fear amach as a gcomhrá agus féasóg síos go talamh air.
Bhí san go maith. Tháinigh an duine uasal i leith, lár na bhárach agus d'fhiafraigh sé de'n garsún cad é an chor a bhí air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghormáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Seámus Mac Gearailt
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge