Scoil: Clochar na Trócaire, Dúngarbhán (uimhir rolla 11461)
- Suíomh:
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: An tSr R. Ní Fhearghail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin do bhí fear ann. Seán De h-Órdha do b'ainm dó. Do bhí sé in a comhnuí in iarthar Conndae an Chláir. Lá amháin bhí sé ag marcaidheact i bhfad ón a bhaile. Bhí ocras mór air agus chuaidh sé isteach i dtig éigin chun rud le n-ithe dfághail. Dubhairt bean an tighe leis nach raibh aon rud le n-ithe sa tig aici. Ach do bhí fhios ag Seán De hÓrdha go raibh agus chuaidh sé amach. Ach do thosnuig bean an tigh ag rinnce istigh. Do bhí a fear agus fir eile ag obair i bpáirc amuigh agus do bhí dinnéar ag teasteál uatha le fada. Do chuir sé ceann díobh chun é d'fhágáil ach níor fhill sé. Do chuir sé ceann eile agus an tríomhadh ceann ach níor d'fhilleadar. Annsan do chuaidh sé féin ach níor fhill sé. Ní raibh ach fear amháin fágtha sa bpáirc anois. Do bhí sin ana ghkic. Níor chuaidh sé isteach go dtí an tig in aon chor. D'fhéach sé isteach agus do chonnaich sé iad go léir ag rinnce. D'fhiafruig sé de bean an tighe cad a thárla; d'innis sí dóibh mar gheall ar Seán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dheaghaidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Cúirte, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Dheaghaidh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann