Scoil: An Cheathrú Mhór
- Suíomh:
- Ceathrú Mhór Leacan, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Glacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cheathrú Mhór
- XML Leathanach 5
- XML “Scéal Taibhse”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aisteach annseo’ ar seiseann leis féin, agus d’féach sé go géarr ar an mbóthar. Bhí an oidhche geal-réaltach agus chónnaic sé in aice péirse dhó rud ar thoirt gamhna, agus sgeadh geal ina éadan.
‘Imthigh leat as sin’ ar seiseann, ag tarraingt buile lasg air. D’imthigh an toirt rómpa síos an bothar agus chuaidh an capall ar agaidh annsin, go dtáinig siad go dtí cross-bhothar Gort a’ Túir.
Bhí an dhálta rómpa annsin arís agus ní ar thoirt gamhna anois a bhí sé, bhí sé chomh mór le tairbh. Bhí a cheann le talamh agus solsa gorm ina thimcheall. Sheas an capall arís, agus níor fhéadh leis an mbuachall a cur ar aghaidh. ‘Caithfeadh tú rud éicínt a dhéanamh leis, a shagairt’ arsa an mbuachall ‘nó ní bfuighimíd mbaile anocht.’ Labhair an sagart cupla focal agus rinne sé comhartha na croise. D’éirigh an toirt san aer, agus chonnaic siad a’ tuitim isteach san gcoill é. Tá sé annsin o shoin, agus is minic a bhfeiceann daoine é a bhíos ag suibhal na druchta go mall san oidche.- Bailitheoir
- Áine Ní Giolla Riogh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Slinneadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Slatehill, Co. Mhaigh Eo