Scoil: Dubhloch
- Suíomh:
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fuair siad an bhó marbh istigh. Annsin chuaidh siad isteach chun an tíghe agus thóg siad Seán idir leabaidh agus uile agus chaith siad amach sa gcarn aoiligh é. B''shin é an méid shásamh a bhí aca mar ní raibh stoc ná arbhar aige. Nuair a bhí an gábhadh sin thart d'fhean sé an bhó. Dhíol sé an croiceann agus thosuigh sé ag dul thart ag iarraidh déirce. Lé chuile strampáil rinne sé a bhealach go Mericeá agus ní raibh tásg na tuairisg lé fághail ariamh ó shoin air.Bhí baintreabhach agus triúr díleachtaidhe na gcómhnuidhe i Sean Bhaile. Ní raibh na páistí acht lag an tráth a fuair a n-athair bás. Bhí an bhaintreabhach dhá fhághail doiligh go leór na díleachtaidhe bochta a choingbheál beó. Bhí cíos trom(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Gacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Gacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo