Scoil: Dubhloch
- Suíomh:
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhloch
- XML Leathanach 512
- XML “Seanamhráin - An Pósadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Casadh mé isteach go teach an Ósta,
Agus d'fhiafruigh an t-óig bhean díom
Ca fhad ó rinne tú an pósadh
Nó an airigheann tú an óige dá chaoin
Ó, is go deimhin ní dhearnaidh me an pósadh
Ach is mór mar ta an saoghal ag dul trím,
Is an t-é nach ndearna go fóill é
Is aige ata aer an t-saoghail.
II
Ó cogar mé annseo a mhná óga
Anois deanaigídh an posaidh in am,
Ní fhasann an duilleabhar fá dhó,
Go dtuitídh anuas de'n chrann
Beidh sibh mar long beith a' seóladh
Nó bheith ag imtheacht cam,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Gacháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo