Scoil: Dubhloch

Suíomh:
Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 486

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 486

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhloch
  2. XML Leathanach 486
  3. XML “Lá Fhéile Seáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tuiteann La Fhéil Seáin ar an tríomhadh lá ficheadh de Mheitheamh. Deireann na sean daoine gurab é sin an lá is fuide sa mblidhan agus ná ceart é a chaitheamh díomhaoin nó droch ghnóthach. Tugtar oichche Fhéil' Seáin ar an oidhche roimh Lá Fhéil' Sheáin. Deantar teine crámh an oidhche sin i ngach baile lé onóir a thabhairt do Sheán. Cúpla seachtmhain roimh ré bíonn aos óg na tíre gnaitheach ag bailiúghadh stumpaí giúsaighe aitinn agus blocáin. San oidhche a théigheann siad amach ag bailiúghadh na rudaí seo mar is iomdha ceann a ghoideann siad ar na cómharsanaibh agus nach maith
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Sin Seáin (~208)
    Teanga
    Gaeilge