Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 524
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhéidh sé i meadhon oidhche glaoidhfidh sé am[ach] aríst "bhfuil tú i do codhladh, a mhic rígh Éireann," [agus] freagreóchaidh an toirtín atá i lár na leaptha "ní'l go fóill" agus nuair bhéidh sé breacadh an [lae] glaoidhfidh sé amach aríst "bfuil tú i do codhl[adh] a mhic rígh Éireann" agus abróchaidh an trío[mhadh] toirtín go bhfuil mac rígh Éireann agus [a] inghean leath-bhealaigh go h-Éirinn anois. Eireóc[haidh] m'athair díreach annsin agus chuirfidh sé dialla[it] ar an eic sleamhain dhubh agus eireóchaidh sé san a[...] agus ní bhéadh sé i bhfad go mbhéidh sinn ceapuighth[e.] Chuala mise m'athair ag rádh uair amháin nach rai[bh] an bás indhan do go gcasfaidhe air gaisgi[dheach] a mbainfheadh an claidheamh soluis féin dhe a[gus] a marbhóchaidh leis é agus ar an adhbhar sin [...] mé claidheamh m'athair liom agus béarfaidh mé dhuit é agus nuair fheiceas tú é ag teacht ró-gar do'n bhád chaith leis an gclaidheamh solu[is é] agus tiocfaidh splannc teine as an gclaidhea[mh] amuigh san bhfairrge a mharbhóchaidh é. Thug sé do [an] claidheamh soluis agus chroc sé ar a bhásta é [Nuair?] scáil an lá amach dubhairt sí leis dearcadh [in a](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mártan Ó Chiaragáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann