Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raibh Seán.
D'éirigh sean-chat liath agus dubhairt go raibh scéal maith le h-innsean aige, ach go gcaithfeadh siad an teach a chuartughadh i dtoiseach.
Chuartuigh siad an teach ó bhun go bárr ach ní 'bhfuair' siad éinne. Annsin thoisigh an sean-chat ag innsean an scéil.
"Bhí mé istigh i dteach an rí an lá cheana," ar seisean, "agus bhí canna bainne ar an mbord. Léim mé suas ar an mbord agus chuir mé mo chloigeann síos ann. Thainic inghean an ríogh agus fuair sí greim muinéil orm agus bhuail i n-aghaidh an dorais mé. Tá a shliocht uirri ; tá sí tinn ó shoin ; ach ní bhéadh sí mar sin dá n-óladh sí naoi ndeoch as an tobar sin ar chúl an tighe seo."
D'imthigh na cait annsin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Antoine De Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Nóra De Búrca
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo