Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 423
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí beirt fhear ann uair amháin agus bhí fear acu bocht agus an fear eile saidhbhir.”
......Bhí go leór ba agus caoirí ag an bhfear saidhbhir agus chuir sé an fear bocht ghá bhfaire.
Oidhche amháin bhí páistí an fhir bhoicht ag caoineadh leis an ocras, mar ní raibh rud ar bith le n-ithe acú. Tháinic fear ag an bhfear bocht agus dubhairt sé leis ceann de na ba a mharbhughadh agus í a thabhairt le n-ithe dho na páisdí. Bhí faitchíos ar an bhfear bocht go mbéadh fhios ag an bhfear saidhbhir gurbh é a mharbhigh an bhó, ach dubhairt an fear a thainic é a rádh gur thuit sí leis an alt.
An dara oidhche bhí ocras ar na páisdí agus ní raibh rud ar bith le n-ithe ann agus thainic an fear ag an bhfear bocht. Dubhairt sé leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Áine Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo