Scoil: Ceathrú Thaidhg

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádraig Mag Shamhráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 356

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 356

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 356
  3. XML “An Chaoi a nDéantaí Dathú Éadaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo é an chaoi a ndéanadh sean-mhná éadaighe a dhathughadh fad'ó : Bhaineadh siad bun na capóige. Ghlanadh siad é, agus annsin scríobadh siad é. Bhruitheadh siad é i bpota uisce agus chuireadh siad isteach an olann agus cnapán guirm. Nuair a bhíodh an méid sin dathuighthe chuireadh siad síos tuilleadh. Annsin thriomuigheadh siad é. Nuair a bhíodh sé tirim chárdáladh siad é agus chuireadh siad ag an bhfigheadóir é. Annsin nuair a bhíodh sí fighte chuirthí ag an muileann í le í fhághail priosta. Nuair a bhíodh sé priosta thugthaí abhaile í agus chaiththí trí phighinn íoc as gach slait. Sin iad na h-éadaighe a chaitheadh na daoine fad'ó agus ní raibh meas ar dhuine nach gcaitheadh iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. dathú (~134)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Craith
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Seoladh
    Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo