Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 270
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ciste óir i bhfolach i bPort an Chlumhaigh. Tá sé i ngar do theach Mhicheail Uí Dhochartaigh, agus deir na sean-daoine go bhfuil péist mhór 'ghá ghárdáil. Deirtear gur seanduine as Ceatramhadh na gCloch a chuir annsin é fad'ó agus gur ór uilig é.
Má dhéanann tú brionglóid trí oidhche i ndiaidh a chéile agus an duine a fheiceas tú sa mbrionglóid a thabhairt leat, deartear go bhfuighidh tú an t-ór.
Uair amháin chuaidh daoine ghá chuartadh ach lean an phiast iad mar nár thug siad leo an duine a bhí sa mbrionglóid.
Cluintear caoineadh thart ar an áit sin gach oidhche ag a haon a chlog.- Bailitheoir
- Máire Ní Thaidhg
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Taidhg
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo