Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 711](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_711.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 711
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dúbhairt sé nach b'é a ghoid an cailín chor ar bith ach mic an rígh agus gurb in é an fáth a dtanaig sé an bealach sin ag iarraidh an fear a bhain an facail de'n rígh. Annsin dúbhairt na gaisgídhthe gurbh é an caoi a b'fheárr é sin fhágáil amach craobh sgolb gach tír sa domhan fhágáil agus féastaí móra a bheith acu. Réidtigh siad chuile shórt agus thainig go leór daoine acu ag déanamh féasta mór agus bhíodh fear mór ag ceann an bhuird i gcómhnuidhe agus bhíodh sé ag bualadh a dhorn ar an mbord agus ag rádh go raibh ar an bhfear ba láidire sa teach agus gur bhain sé fiacal as rígh Éireann. Thóg sé an fiacal as a phóca agus thaisbáin sé dóibh agus nuair a chonnaic an Baideán é thainig fearg mór air agus bhain sé de é agus mharbhuigh sé é. D'imtigh siad uilig agus bhí an Baideán sástaí nuair a fuair sé an fiacal agus dúbhairt sé go ngabhfaidh sé go h-Éirinn ach ní raibh na gaisgídhthe sástaí leis ach dúbhairt sé go bfillfeadh sé ar ais arís ortha agus leig siad dhó imtheacht. Thóig sé long mhór leis agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Muiltheach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mhaigh Eo