Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 800
- XML “Troid a Bhí i nGranchoill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Troid abhí i nGranchoill.
Timcheall na bliadhna 1882 do bhí troid i nGreanchoill. An rud a tharraing an troid i dtosach ná go raibh airgead acraí le níoc ag cuid de thionnóntaighthe Ghreanchoill ag tionnóntaighthe Gort - na - Maoile. Ó Máille as Dubhloch abhi ag tógáil cíosa an bhliadhain sin agus bhí constáblai leis mar bhí súil aige nach níocfadh na daoine an chíos an lá sin mar go mbeadh siad ag iarraidh spás le níoc na dhiaidh sin.
An oidhche roimh iad a theacht dubhairt na tionnóntaighthe go mbeadh siad uilig roimh na constáblai ag bun bóithrín Ghreanchoill agus bhí. Lá - ár - na - bhárach tháinig na constáblai chuig bóthar Ghreanchoill agus bhí an t-oifigeach ar an gcárr. Thosaigh na daoine ag caitheadh clochi(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Iósephín Muilleach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mhaigh Eo