School: Poll an tSómais (roll number 16283)
- Location:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Proinnsias Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Poll an tSómais
- XML Page 555
- XML “Scéal - An Bás”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal - An Bás.Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí duine cloinne aci [?] - Seán ÓRoghallaigh agus shíl na daoine nach raibh seisean uilig ann. Ní raibh meoin ar bith ag an mbaintreabhach ach gárrdha ubhlaí agus spíonáin agus torrthaí mar sin. Theighfheadh an baintreabhach gach seachtmhain godtí an mbaile mór leis na torrthaí agus fhaid abhíodh sí amuigh bhíodh aos óg an bhaile istigh a Seán ag sgeannadh na n-ubhall. An lá seo tháinig an baintreabhach abhaile agus fuair sí na páistí istigh sa ngárrdha. Thug sí greadadh do Seán agus thug sí a oiread dó gur dubhairt sé lei a léine a nighe agus toirtín a dhéanamh dó agus go mbuailfheadh sé bothair ar maidin. Nuair a chaith sí a píopa agus nuair abhí a scíth leigthe aici dubhairt sí "Tá sé chomh maith dom do léine a nighe ós rud é nár nigheadh le ráithe é"
Ar éirigh dhi maidin lá ar na bhárach bhí Seán imthighthe gan fios fáirneis. Bhí sé ag imtheacht agus ag síor imtheacht go dtáinig diúin [?] agus deireadh an lae Ní raibh bróg ná stoca air agus léim a thug sé thar abhainn feannadh a loirgní idtom dris
"An Diabhal go mbainfhidh na cosa díom má thigim an(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Cordubh
- Gender
- Male
- Address
- Dún Ceartáin nó Gleann an Ghad, Co. Mhaigh Eo