School: Poll an tSómais (roll number 16283)
- Location:
- Poll an tSómais, Co. Mayo
- Teacher: Proinnsias Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Poll an tSómais
- XML Page 545
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear darbh ainm Tomás Ó Fíoráin ag iarraidh mná. Ní raibh aon leabaidh sa teach aige….”
Bhí fear darbh ainm Tomás O Fiónáin ag iarraidh mná. Ní raibh aon leabaidh sa teach aige agus thosuigh na daoine ag magadh faoi ag rádh nach bhfuighbheadh sé bean gan leaba.
Chreid an duine bocht iad agus chuaidh sé amach agus bailligh sé bloncáin guísaigh as an bportach agus rinne sé leabaidh (ní leabaidh a bhí ann ach cnapán. Chum fear éicint aor faoi agus cuirtear síos go raibh an fear indhon gach rud a dhéanamh.Nach mór an stuaim 's an t-eolas
Do fhear nach ndearna foghluim
Ag déanamh cuird 's comhraí
Agus "tells" le'n a lár
Fuinneoga ar na "róite"
Agus "shutters" a chur leobhtha
Cásái gunnaí móra
'S déanann clog na dtráth
Driosúir a bheadh dóigheamhail
"Watchanna" le comhaireamh
Ballaí clocha a "chóipeál"
Agus déanann an canál.Buachaill dathamhal dóigheamhail é
'Sé'n gréasuidhe a chumfhadh an bhróg é(continues on next page)- Informant
- Eoghan Ó Sírín
- Gender
- Male
- Address
- Dún Ceartáin nó Gleann an Ghad, Co. Mayo