School: Poll an tSómais (roll number 16283)
- Location:
- Poll an tSómais, Co. Mayo
- Teacher: Proinnsias Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Poll an tSómais
- XML Page 504
- XML “Dún Cheartáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé seo ainm an bhaile atá taobh thiar de Ghleann an Gad. Deirtear go raibh fathach dar bh’ainm Ceartáin in a chomnuidhe annsin fadó, fadó, agus tá clocha móra a bhí ar a dhún le feicál ann go fóil.
Deirtear go raibh claidheamh iongantach aige agus nach féidir leis a bheith gonnta chomh fada agus a bhí sé aige.
Bhí dearbhtathair leis, Ciortán, in a chomhnuidhe ag barr na trágha, agus tré mhealladh a mná, fuair sé an claideamh ar iasacht ó Cheartán ag dul ag troid le Domhnall Dual Buidhe, fathach eile a bhí áit chomhnaidhe aige, ag Gleann Chaisil.
Muithean, bean Chiortán, ba ciontach leis an dtroid mar bhí sé beartuighthe aici Domhnall do phosadh nuair a bheadh an bheirt dhearbhrathair as an mbealach.
Marbhuigheadh an bheirt dhearbhrathair cean aca ag Gleann Caisil, agus an ceann eile ag Tráigh Chioráin.
Sar i bhfad fuair Domhnall amach(continues on next page)