School: Poll an tSómais (roll number 16283)
- Location:
- Poll an tSómais, Co. Mayo
- Teacher: Proinnsias Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo é an t-ainm a tugtar ar ghalar a tigeann ar bhuaibh uaireannta. An bhó a bhíonn bualadh saighead uirri cailleann sí an bainne bíonn sí ar crith agus ní bhíonn fonn uirrí dada d'ithe.
Creideann na daoine gurbh amhlaidh a thigeann na daoine maithe ar an mbuin amuigh sa bpáirc, nó sa stabla. Agus go mbuaileann siad í le cloich áithrid a bhíonn aca féin.
Amanta má bhíonn an rath ar dhuine gheibheann siad cloch mar seo caithte in ait éigin. Nuair a bhíonn cuig cinn ag duine bíonn an leigheas aige.
Dar leis na daoinibh, seo é an leigheas braon uisce coisreactha a chur le braon maith fíor uisce i gcrúisgín, cúig cinn de na saighdeanna nó na clochaibh seo fhághail; píosa dhá scilling le cros air agus trí leith-phinghneacha agus iad(continues on next page)