School: Poll an tSómais (roll number 16283)
- Location:
- Poll an tSómais, Co. Mayo
- Teacher: Proinnsias Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Poll an tSómais
- XML Page 556
- XML “Scéal - An Bás”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an [!] bealach seo arís" ar seisean.
Bhí sé ag imtheacht agus ag imtheacht go ndeachaidh sé go Baile Átha Cliath. Bhí an toirtín ithte aige faoi seo agus ní raibh pinghean ruadh in a phóca aige.
"Mo léan géarr nár fhan mé sa mbaile. Bfhearr an troid ná an t-uaigneas" ar seisean leis féin.
Tíos i gcoirnéal na sráide casadh scata tinncéirí air. Bhuail siad orra ag comhrádh. "Má thigeann tú síos liom-sa go ceann lá agus bliadhna beidh ceird mhaith agat" ars an tinncéir leis. "Sé is fada liom go bhfuair mé an seans, Tá an caill orm leis an ocras" arsa Seán
Tugadh síos é go ceann lá agus bliadhain agus nuair a bhí an lá agus an bhliadhain caithte chuir sé roimhe imtheacht. Dubhairt duine aca leis nach tinncéirí é gan "Budget" abheith aige. Dubhairt fear eile go gcaithfheadh sé maide droighin abheith aige agus dubhairt an tríomhadh duine nach tinncéirí a bheadh ann gan airgead. Tugadh "Budget" agus maide droighinn dó agus thug 'chaon aca tuistiún dó.
Bhuail sé amach aríst agus ní fada abhí siubhalta aige gur casadh sean-fhear siubhail leis agus d'iarr seisean déirce air. Chuir Seán a lámh in a phóca(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Cordubh
- Gender
- Male
- Address
- Dún Ceartáin nó Gleann an Ghad, Co. Mayo