School: Poll an tSómais (roll number 16283)
- Location:
- Poll an tSómais, Co. Mayo
- Teacher: Proinnsias Mac Gearailt
![The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 557](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_557.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 557
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Poll an tSómais
- XML Page 557
- XML “Scéal - An Bás”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus thug tuistiún dó.
"Aon impidhe a iarrfhas tú anois geobhfaidh tú é" arsan sean fhear. "Tá go maith" arsa Seán. "Einne a gabhfas isteach i mo "Budget" nár fhágaidh sé é go mbainfhidh mise luaidheacht a thurais as". Shoruigh uait arsan sean fhear "nár iarr rud níos fearr, ach geobhfaidh tú é sin".
Bhuail Seán an bothair arís agus cé casadh leis ach sean-fhear eile. Chuir Seán a lámh in a phóca agus thug tuistiún dó. Aon impidhe a iarrfhas tú anois geobhfaidh tú anois é arsan sean-fhear. "Tá go maith" arsa Seán. "Gan aon duine buaidh fhagháil orm ag imirt cárdaí "Mo léan nár iarr tú rud níos feárr" ach geobhfaidh tú sin" arsan sean-fhear
D'Imtigh sé leis agus níorbh fhada gur casadh an tríomhadh duine leis. Thug sé an tuistiún deiridh dó agus dubhairt an fear déirce leis go bfuighbheadh sé aon impidhe a iarrfadh sé. "Tá garrdha ag mo mháthair" arsa Seán "agus éinne a gabhfas isteach ann nár fhágaidh sé é go mbainfhidh mise luaidheacht a thurais as" "Tá go maith" arsan sean fear "geobhfhaidh tú sin."
Bhuail Seán bóthair arís agus bhí sé ag siubhail leis go dtáinig sé go dtí an tom(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Cordubh
- Gender
- Male
- Address
- Dún Ceartáin nó Gleann an Ghad, Co. Mayo