Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 388
- XML “Mac is Fiche (nó Maith in aghaidh an Oilc)”
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"A raibh tú póstaí riamh?" arsa Diarmuid.
"Á, bhí mé póstaí."
"A rugadh aon duine clann duit?"
"Rugadh," ar seisean, Bhí familí maith agam-s ach dhíbir mé h-éin iad."
"Bhfuil do bhean beó?" arsa Diarmuid.
"Níl," ar seisean, "Níor mhair sí ach trí mí i ndiaidh na clainne imtheacht."
"Tá an t-anró ort mar sin," arsa Diarmuid.
"Ó Muise, tá," ar seisean.
"Bheul, ní iompróí tú an mála sin níos fuide," arsa Diarmuid, "Bhéarfaí' mise slighe tóigthe dhuit an fhaid is bhéas tú beó
Agus rinne sé teach deas do ar a bhfeilm agus thug sé dealbh {?} airgid do an faid is bhí sé beó. - Pisreógaí.Nuair a bheadh tú a caitheamh amach uisce salach ist oidhche ba cheart duit a sgreadadh amach sar a gcaitheá é -
"Chugaí, chugaí, a dhaoiní uaisle," ar eagla(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Raghallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo