Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)

Suíomh:
Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 418

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 418

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Caisil
  2. XML Leathanach 418
  3. XML “Pisreogaí”
  4. XML “B'fhírinní Bríd féin ná Pádraig”
  5. XML “Oíl-Sean-Seán (Oíche Fhéile San Seán)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá fad coiscéim coillig ar a' lá.
    - Ar lá Nodlag Beag a déarfadh siad é sin, nuair a bhéadh síneadh a teacht ar an lá.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. B'fhírinní Brighid h-éin na Pádhraic

    Sin sean-rádh atá aca annseo agus eo mar a tháinic sé:-
    Dubhairt Naomh Brighid aon am amháin:
    "Ch aon darna lá ó mo lá-sa amach beidh sé go maith"
    Dubhairt Naomh Pádraic:
    "Chuile lá ó mo lá-sa amach beidh sé go maith"
    Ní raibh an fhírinne age duine a bith aca
    ach ba chirte Brighid.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. An fáth atá leis na teinntí crámh an oidhche sin:-

    Fadó bhíodh ar gach teach in Éirinn saighdiúir de chuid Shasannaí a choinneáil agus a thógáil i rith na bliana. Chruinnigh na daoiní annsin le chéile agus rinne siad margadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Sin Seáin (~208)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Raghallaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo