Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)

Suíomh:
Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 403

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 403

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Caisil
  2. XML Leathanach 403
  3. XML “Araid (ortha) in Aghaidh an Doigh-Fhiacail”
  4. XML “Araid an Fhiabhrais Coimhdeach (Tinneas Cinn)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An té a mbéadh an tinneas cinn aige, gheoghfadh sé tape agus gheobhadh sé ag a fear a mbéadh an araid aige. Thiubharfadh sé an tape dó. Annsin gheobhfadh fear an araid ar a ghlúiní agus déarfadh sé seacht bpaidreachaí, seacht n-Abhé Maria agus Cré ag urnaighe leis an araid.
    In éis a mhéid sin a bheith déantaí aige gheobhfadh sé an tape agus chuirfeadh sé séide beag leis. Annsin bhéarfadh sé go gairid air le na dhá mhéir agus a dhá órdóig agus do réir mar bheadh sé a rádh na bhfocal seo leanas bheadh sé ag déanamh cómhartha na Croise ar bhathas an duine leis a gcuid sin go'n tape -
    Araid Mhuire agus Araid Dé
    Araid Mhícheál teacht go tréan
    Sgíath Mhícheál na mBeart
    Agus slán gach ceann dhá dtéigheann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
          1. leigheasanna ar ghalair ar dhaoine
            1. tinneas cinn (~58)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Tuathail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo